ón gCeardlann le Fearghas Mac Lochlainn
(An fonn céanna le Lúibín Ó Lú, bí lú is bí láidir)
Féile Joe, Féile Joe, Féile Joe Mháirtín
Casfaidh muid lúibín is bainfidh muid sásamh as
Féile Joe, Féile Joe, Féile Joe Mháirtín
Féile Joe, Féile Joe, Féile Joe Mháirtín
Chonaic mé fear agus hata mór ard air
Chonaic mé fear agus hata mór ard air
Féile Joe, Féile Joe…….
Féile Joe, Féile Joe, Féile Joe Mháirtín
Bhí treabhsar breá flainín air gus crios ar a bhásta
Féile Joe, Féile Joe…….
Féile Joe, Féile Joe, Féile Joe Mháirtín
Bhí spreac ina dhroim agus bhí sé deaslámhach
Féile Joe, Féile Joe…….
Bhíodh meas agus cionn air ag muintir na h-áite.
Bhíodh áit ar a theallach dhá mhuintir ‘s dhá chairde
Naonúr sa gcúinne ag imirt na gcártaí
Chonaic mé a thaibhse amuigh in san ngairdín
Chuir sé mé smaoineamh ar Fhéile Joe Mháirtín
Tháinig na sluaite is rompu bhí fáilte
Seanchas ‘gus léachtaí, scéalta agus dánta ann
Conchúr ‘s Tomás ‘gus Brian ina mháistir
Bhí Becker, bhí Bairéad ina mbailitheoirí breátha
Neart eolais le fáil againn, ar scéalaíocht Joe Mháirtín
Mura n-éisteóidh tú liom is tú a bhéas leáite
Mura n-éisteóidh tú liom beidh do shúile bocht sáite
Bhí roinnt rudaí scríofa agus neart rudaí ráite.
Bhí véarsaí á gcumadh ag Féile Joe Mháirtín.