Nuacht


Eagróidh Comhar Caomhán Teo. Féile Joe Mháirtín ar Inis Oírr idir 2 -7 Meán Fómhair 2012. Seo í an dara bliain as a chéile do phobal an oileáin a bheith i mbun ceiliúrtha ar a seanchas, ar a ndúchas agus ar a stair. Tá céad míle fáilte go hInis Oirr i dtús fhómhair roimh dhaoine a bhfuil spéis sa teanga agus sa gcultúr Gaelach acu. Beidh deis acu seachtain thaitneamhach, spreagúil, Ghaelach a chaitheamh in ár gcuideachta san oileán álainn seo i gCuan na Gaillimhe. In Áras Éanna a bheas for-mhór na n-imeachtaí ar bun agus is trí Ghaeilge a eagrófar iad ar fad.

Seo cuid de na h-imeachtaí a bheas ar siúl le linn na Féile:
comóradh 75 Bliain Bhailiúchan na Scol, léachtanna ar ghnéithe de litríocht agus de bhéaloideas na Gaeilge, ceardlainn damhsa ar an sean nós, ceardlainn lúibíní, siúlóidí staire agus dúlra, oícheanta seanchais agus ceoil.

Tá Clár na Féile le fáil anois ó: Comhar Caomhán Teo., Inis Oírr, Oileáin Árann. Co. na Gaillimhe.
Fón: 099 75008 R-phost: anseomragaeilge@gmail.com
Gheobhaidh tú eolas faoi chúrsaí taistil ar an suíomh  www.inisoirr.ie

No comments:

Post a Comment