Plé

Sprioc 1: Féile Gaeltachta d’ard chaighdeán a reáchtáil.

Bhí muid thar a bheith sásta le caighdeán na léachtaí agus leis na imeachtaí éagsúla. 
Níor leanadh an clár  - de bharr droch aimsir, b’éigin dúinn cúpla athrú a dhéanamh.

Sprioc 2: Caomhnú a dhéanamh ar bhéaloideas agus stair an oileáin.

Maidir leis an sprioc seo, creidim gur tugadh léargas soiléir don phobal ar shaibhreas a gcultúr agus a n-oidhreacht tríd an anailís a déanadh ar scéalaíocht Joe Mháirtín le linn chaint Bhrian Ó Catháin.  Bhí neart eolas ag Brian ar an réimse leathan d’ábhar atá sna leabharlainne éagsúla chomh maith leis na bailiúcháin atá i Roinn an Bhéaloideas.   Bhí muid i dteagmháil le Ríonach Uí Ógáin agus caithfear spriocanna a leagann síos dúinn féin atá réalach roimh thabhairt faoi bhailiúcháin bhéaloideas.

Sprioc 3: Aird ar staid na teanga ar an oileán.

Tosaíodh an dioscúrsa ar staid na teanga ar an oileán agus ar an meath atá tagtha uirthi idir aimsir Joe Mháirtín agus an lá atá inniu ann.   Tuigeann muid ó Chonchúir Ó Giollagáin nach bhfuil muid linn féin agus go bhfuil pobail eile sa mbád céanna.  Mar gheall go bhfuil sé chomh goilliúnach mar ábhar, is deacair é a phlé ach má bhreathnaíonn muid ar an bpictiúr mór agus ar fíricí a bhaineann le miontheangacha tá seans againn sa gcomhthéacs sin na ceisteanna deacra a phlé.

Sprioc 4: Turasóireacht chultúrtha  a spreagadh.

Is turasóireacht den ard chaighdeán a mealladh chuig an fhéile cultúrtha seo.  Déanadh iarracht tús a chuir le imeacht chultúrtha i lár séasúir turasóireacht ach níor mealladh an méid daoine agus a shíl muid.  Is rud é seo a fhásfaidh de réir a chéile.