9/13/2011

Tuairisc ar Fhéile Joe Mháirtín 2011

Tuairisc Ar Fhéile Joe Mháirtín 2011
Tá deireadh tagtha anois le Féile Joe Mháirtín 2011, agus táimid sásta agus buíoch gur éirigh chomh maith sin lenár gcéad iarracht.

Luan 8ú Lúnasa:  Chuir muid  tús maith leis an bhFéile ar maidin Dé Luain le léacht ó Bhrian Ó Catháin, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, ar “Joe Mháirtín – an fear agus a chuid scéalaíochta”. Bhí an-chur síos ag Brian ar Joe Mháirtín agus fuair muid blaiseadh den scéalaíochta freisin le scéal beag gairid le Joe a bhí tógtha ar téip aige.  Tar éis an lóin thug Eoghan Póil na rannpháirtithe ar shiúl treoraithe timpeall an oileáin agus buíochas le Dia bhí an tráthnóna go breá agus iad ag fáil chuile eolas faoi Chnoc Raithní ón gCré-Umhaois, Dún Fhormna ón gClochaois, Caisleán Uí Bhriain agus an Túr Faire, Teampall Chaomháin, Tobar Éanna, Cill na Seacht n-Iníon, Teampall Ghobnait chomh maith le eolas faoi shaol an oileáin sa lá atá inniu ann.  Bhí ocras ar chuile dhuine am dinnéir agus tar éis an bhéile bhí neart ceoil acu i dTigh Ruairí.

Ar maidin Dé Máirt bhí tús deas réidh againn ag breathnú ar scannán de chuid Mhic Dara Ó Curraidhín, an clár faisnéise “Máirtín Ó Direáin - An Charraig Stoite”.  Ansin tar éis an bhriseadh, bhí léacht bhreá againn ar an Direánach ón scríbhneoir Tomás Mac Síomóin agus ceisteanna ag teacht go tiubh ón lucht éisteachta.   Tháinig scoláirí Choláiste Laichtín chuig imeachtaí na maidine agus bhí slua maith againn arís tráthnóna ag ceardlann damhsa ar an sean-nós le Emma Ó Suilleabháin.  Bhí idir sean agus óg ag baint torann as clár urláir an halla agus ag baint deatach as urláir na dtithe tábhairne níos deireanaí.

Bhí turas eagraithe againn go hInis Meáin don Chéadaoin ach faraor, de bharr droch aimsire, ní raibh na báid ag seoladh.  Mar sin shocraigh muid le Mairéad Uí Fhlatharta agus Bríd Uí Chonghaile cur síos a dhéanamh dúinn ar an tionscnamh “Seanstíl Éadach”, taispeántas d’éadaí traidisiúnta a bhí ar siúl in amharclann Áras Éanna.  Ós rud é go bhfuil an sean ghléasadh imithe uilig as an saol anois bhí sé an-fheiliúnach an taispeántas seo a bheith ar siúl le linn féile atá ag ceiliúradh seanchas agus sean traidisiúin an oileáin.   

D’eagraigh muid ceardlann ansin le Brian Ó Catháin le iarracht a dhéanamh gaolta Joe Mháirtín a dhéanamh amach.  Le linn na ceardlainne chuala muid go leor scéalta ó mhuintir an oileáin faoin scéalaí agus roinn daoine a gcuimhní féin ar Joe Mháirtín le chéile.  Ba dheas an tráthnóna a bhí againn.   Tar éis an dinnéir oíche Dé Céadaoin suas linn arís ag amharclann Áras Éanna áit a raibh an seó stáitse “Slata Mara” ar siúl.  Dráma nua-scríofa le Máire Uí Mhaoláin é Slata Mara agus aisteoirí áitiúla atá páirteach san léiriú spraíúil seo de stair an oileáin.

Ar maidin Déardaoin, bhí an clár le n-athrú arís de bharr nár tháinig an t-eitleán. Thaispeáin muid scannán gairid ar maidin fhad is a bhí muid ag fanacht le Conchúr Ó Giollagáin, teacht ar an mbád. Phioc muid clár de chuid Radharc a déanadh sna caogaidí agus bhí plé ansin againn ar na hathraithe éagsúla atá tagtha ar an oileán ó shin.

Ina dhiaidh sin bhí léacht agus seiminéar Chonchúir againn faoin teideal ar “Ár gcuid den éagsúlacht: athraithe cultúrtha agus cosaint na mionteangacha”.  Is Ceannasaí ar Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh é Conchúr agus bhí ábhar an-tábhachtach agus tromchúiseach á phlé againn tar éis na léachta.  Neart ábhar smaoineamh anseo dúinn ar cá bhfuil muid maidir le ceist na teanga ar Inis Oírr.

Oíche Déardaoin bhí Aifreann le bheith sa teampall agus leac chuimneacháin do Joe Mháirtín le nochtú ach arís b’éigin an t-Aifreann a athrú go dtí an séipéal de bharr droch aimsire.  Tar éis an Aifrinn tháinig grúpa deas chomh fada leis an sean teach inár mhair an scéalaí.  Bhí an áit glanta amach agus stólta fada déanta as píosa adhmaid socraithe ann.  Thug muid an aibhléis aníos as an teach ba ghaire dúinn agus ansin bhí glór Joe Mháirtín le cloisteáil ag scéalaíocht arís sa sean teach.  B’iontach speisialta an oíche a bhí ansin.

Agus muid ag druidim le deireadh na Féile, bhí Brian Ó Catháin arais arís chugainn le caint a thabhairt ar “Ghaeilge Inis Oírr”.   Bhí plé spraoiúil agus spéisiúl againn ar chuid de na frásaí agus focail atá le fáil ar an oileán seo.  Tar éis an sos bhí seoladh oifigiúil againn den leabhrán “Gaeilge Inis Oírr – Notaí do Chuairteoirí” le Pól Breathnach agus ansin léigh Pól agus an scríobhneoir Dara Ó Conaola sleachta óna saothair féin.

Le críoch a chuir leis an bhFéile, bhí ceardlann lúibíní againn le Fearghas MacLochlainn, imeacht eile a tharraing óg agus sean le chéile.  Thug Fearghas leargas maith dúinn ar cheird na lúibíní agus tar éis roinnt oibre i ngrúpaí beaga, m’anam go raibh lúibín dheas cumtha againn ag cur síos ar Fhéile Joe Mháirtín.   Chas muid an lúibín le chéile agus d’fhág muid slán ag ár gcairde nua a bhí ag déanamh ar bhád an tráthnóna.   D’fhan roinnt de na cuairteoirí agus bhí neart ceoil agus craic níos deireanaí againn i dTigh Ned.

Tá muid fíor bhuíoch do na cainteoirí breatha Brian Ó Catháin, Tomás Mac Síomáin agus Conchúr Ó Giollagáin a thug léachtaí d’ardchaighdéan dúinn.  Níl a sárú le fáil!  Thug an triúr a gcuid táillí ar ais dúinn le go bhféadfadh muid ciste a thosnú don chéad bhliain eile. Tá muid fíor bhuíoch freisin do Mháirín Mhéiní in Inis Meáin ná raibh sásta glacadh le aon cheo ach an oiread mar gur bhraith sí gur pribhléid bheith páirteach sa bhféile.  Nár laga Dia thú a Mháirín, is trua nár éirigh linn dul chomh fada leat ach beidh lá eile ag an bPaorach!  Tá muid fíor bhuíoch freisin d’ Fhearghas a chuir críoch dheas leis an bhFéile le Lúibín Fhéile Joe Mháirtín.  Ba cheart go mbeadh na véarsaí ag feabhsú chuile bhliain agus an Fhéile ag dul i bhfeabhais!  Buíochas freisin le stiúrthóir Áras Éanna, Mairéad Ní Ghallachóir, a bhreathnaigh inár ndiaidh agus an teicneoir fuaime/soilse Ciarán Ó Conghaile.  Thug go leor eile ar an oileán cúnamh dúinn freisin idir comhairle, moltaí agus obair dheonach.  Buíochas speisialta do Sheán Éanna Ó Gríofa a shocraigh seanteach Joe Mháirtín, rud a lig dúinn an oíche scéalaíochta a bheith againn ar an teallach ansin. 

Ní féidir dearmad a dhéanamh ach an oiread ar Fhoras na Gaeilge agus ar Údarás na Gaeltachta a rinne urraíocht ar an bhFéile.   Go raibh míle maith agaibh uilig.

No comments:

Post a Comment